Is é an aidhm atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla úsáid na Gaeilge i ngnóthaí poiblí a chur chun cinn agus cinntiú go n-úsáidfidh comhlachtaí poiblí an Ghaeilge nuair atá siad i mbun cumarsáide leis an bpobal agus/nó ag soláthar seirbhísí don phobal.
Beidh feidhm ag an scéim ar feadh tréimhse trí bliana ón 1ú Meán Fomhair 2021 nó go dtí go dtabharfar faomhadh do scéim eile, cibé acu dáta is déanaí.
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann tiomanta na gealltanais atá déanta aige maidir le scéim teanga an Bhoird a chur i bhfeidhm.
Bernadette Cullen
Príomhfheidhmeannach, ETB Thiobraid Árann